St Vincent's Secondary School

An Ghaeilge i Meánscoil Naomh Uinseann, Aibreán 2018

23-April-18

Nuachtlitir

Tá an Ghaelbhratach á reáchtáil arís i mbliana i Meánscoil Naomh Uinseann. Cuimsíonn an coiste Gaelbhrataí scoláirí ó achan bhliainghrúpa sa scoil. Tionólann siad le chéile ar an Chéadaoin ag am lóin chun na himeachtaí scoile a eagrú agus a stiúradh.

Cuireadh tús maith léi arís nuair a thug foireann an Chonartha cuairt ar an scoil lena gceardlann iomráiteach Seó Bóthair a chur ar siúl. Thug siad faoi na meáin shóisialta a thaispeáint do na scoláirí agus an dóigh arbh fhearr leo úsáid a bhaint astu i nGaeilge. Ceardlann spreagúil a bhí inti dúinn uilig.

Thug clann Naomh Uinseann faoi Gaeilge 24 arís i mbliana. B’éacht mhór dóibh a bheith ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge don lá ar scoil, sa bhaile agus sa cheantar máguaird. Bhain achan duine sult mór as an dúshlán. Lena chois sin, bhí Caith Amach É ar siúl chun sraithphictiúir na hArdteiste a chur i láthair do na scoláirí sinsearacha ar dóigh idirghníomhach.

Léiríonn na himeachtaí uile seo go bhfuil áit lárnach ag ár dteanga dúchais i Meánscoil Naomh Uinseann. Molaimid go mór sibh a ghirseachaí. Dar ndóigh is ar scáth a chéile a chéile a mhaireann na daoine. Is Gaeilgeoirí sibh!

An Ghaelbhratach: Cur síos uirthi

Tá an Ghaeilge iontach tábhachtach dúinn sa scoil mar go luíonn sé i gcroílár ár scoile. Tá sé mar chuid dár stair, dár n-oidhreacht agus ar ndóigh dár gcultúr féin. Mar sin tá muid sásta go bhfuil an Ghaelbhratach in airde taobh amuigh den scoil.

Gaeilge is very important to us here in the school because it plays a central part in the daily life of the school. It is part of our history, our heritage, and of course of own culture. We are happy that the Gaelbhratach is flying outside our school.

Is coiste muid i Scoil Naoimh Uinseann agus tá muid ag glacadh páirte i Scéim na Gaelbhrataí arís i mbliana, chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Anuraidh rinne muid go leor rudaí chun an Ghaeilge a spreagadh agus í a chur i mbeál an phobail arís. Imeachtaí cosúil leis an bhFéile Drámaíochta, Comórtas Abair, Gaeilge 24, Dúshlán, Comhrá, Seo Bóthair agus an cheolchoirm den scoth sa Spirit Store. Sin gan trácht a dhéanamh ar na rudaí a tharla beagnach gach aon lá agus ag na cruinnithe; ciorcal comhrá agus is leor beirt. Tar éis a lán obair dhian fuair muid an Ghaelbhratach.

We have a committee in St Vincent’s Secondary School and we are taking part in the Gaelbhratach scheme again this year to promote the use of Irish in the school. Last year we did a lot to encourage the use of an Ghaeilge and to make it the vernacular again. Activites included the Féile Drámaíochta, Comórtas Abair, Gaeilge 24, Dúshlán, Comhrá, Seo Bóthair and the excellent concert in the Spirit Store. That is all without mentioning the daily activites that happen at the meetings and the conversation circles. After a lot of hard work we achieved the Gaelbhratach.

I mí Aibreáin 2018, as go brách le cúpla duine ón choiste go dtí an Pailliún ag Ráschúrsa Bhaile na Lobar. Lá spraoi agus craic a bhí ann le gach duine ag glacadh páirte ann. Bhuail muid le Clíodhna Ní Chíosáin, nó Afraic ón clár teilifíse mar ab fhearr aithne uirthi. Labhair sí go paiseanta faoin Ghaeilge agus an tábhachtach atá ann í a úsáid. Tar éis na hóráide sin, glaodh orainn teacht suas ar an ardán agus cuireadh an bhratach i greim na gcailíní agus ag an deireadh ba linne í! Bhí Eoghan Mc Dermott ann ar an lá chomh maith. Chuir an banna ceoil Seo Linn ceolchoirm ar fáil do na daoine ar fad a bhí ann.

In April 2018, a few of us from the committee headed of to the Pavillion, Leopardstown Racecourse. It was great fun with everyone taking part. We met Clíodhna Ní Chíosáin, or Afraic from the television programme as she is better known as. She spoke passionately about an Ghaeilge and the importance of using it. After that speech we were asked to go up on stage and the Gaelbhratach flag was placed in the arms of the girls and at last it was ours! Eoghan Mc Dermott was also there on the day. The band Seo Linn performed a concert for all there on the day.

Is scéim iontach í seo agus tá muid ag súil go mór le scoilbhliain nua lán le Gaeilge!

Maith Sibh!

It is a great initiative and we are hoping for another new school year full of an Ghaeilge!

Fair play to all!

The Gaelbhratach: A description of it

Activites included the Féile Drámaíochta, Comórtas Abair, Gaeilge 24, Dúshlán, Comhrá, Seo Bóthair and the excellent concert in the Spirit Store. That is all without mentioning the daily activites that happen at the meetings and the conversation circles. After a lot of hard work we achieved the Gaelbhratach.

Gaeilge 24

Thug 300 cailín ó Mheánscoil Naomh Uinseann faoi Gaeilge 24 arís i mbliana. Bhí frásaí ar chárta acu chun cleachtadh a dhéanamh orthu agus chaith siad t-léinte Chonradh na Gaeilge. B’éacht mhór do chuid acu an lá a chaitheamh go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Bhain achan duine sult mhór as ar 14 Samhain 2017.

Gaeilge 24

300 girls from St. Vincent’s Secondary School took part in Gaeilge 24. They had phrases to practice throughout the day and wore their Conradh na Gaeilge t-shirts. It was a huge achievement for a lot of them to spend the entire day speaking Irish. Everyone enjoyed speaking the country’s native language very much on 14 November 2017.

Comhrá 2017

Ghlac daltaí ón Ghaelbhratach i Meánscoil Naomh Uinseann páirt sa churiarracht dhomhanda i mbliana chun an Ghaeilge a labhairt gan stad ar feadh 170 uair ar 9 Deireadh Fómhair 2018. Bhíothas ag éisteacht linn agus ag féachaint orainn ar cheamara Gréasáin ó gach cearn den domhan. Ceanada, An Fhrainc, An Áise, Meiriceá agus An Astráil ina measc. Bhain muid úsáid as na haischlibeanna #Comhrá17 #Caintaguscomhrá ar Twitter.

Sáraíodh an churiarracht dhomhanda uair eile i mbliana. An churiarracht dhomhanda atá ann anois ná a bheith ag caint as Gaeilge gan stad ar feadh 171 uair. Bhí siad ar fheabhas ar fad.

Members of the Gaelbhratach in St Vincent’s took part in the world record attempt to speak Irish non-stop for 170 hours on 9 October 2018. There were people listening live to us and watching us on Webcam from Canada, France, Asia, America and Australia.' We used the hashtags: #Comhrá17 #Caintaguscomhrá for Twitter.

The world record was broken again this year. Making a new World Record of 171 hours speaking Irish non-stop. They were wonderful.

Dúshlán

I mbliana, arís eile, ghlac daltaí Naomh Uinseann páirt in Dúshlán. Comórtas trí Ghaeilge inar tugadh liosta dúshlán do dhaltaí meánscoile timpeall na tíre. Bhí orthu iad a chur i gcrích laistigh de 50 uair. Cuireadh tús leis na dúshláin ar an 6ú lá de mhí Feabhra 2018 ag a 12.00 agus cuireadh críoch leis ar an 8ú lá de mhí Feabhra 2018 ag 14.00. Chuir na daltaí grúpaí éagsúla le chéile. Ghlac siad grianghraf agus físeán dá chéile leis an iPad nuair a bhí siad ag tabhairt faoin dúshlán. Tvuíteáil siad ar a gcuntas Twitter agus chuir siad i dtaisce fianaise díobh in WhatsApp.

This year again, St Vincent students took part in Dúshlán. An Irish challenge competition, where students across nationwide are given a list of challenges to complete and 50 hours to complete them. The challenge began on 6 February 2018 at 12.00 and finished on 8 February 2018 at 14.00. They set up teams and took photographs and videos of themselves with their iPads completing the various challenges. The teams Tweeted these on their Twitter accounts and stored them on WhatsApp.

An Aip Ghaeilge - Duolingo

Baineann daltaí ó na ranganna ar fad sa scoil úsáid as Duolingo chun cleachtadh rialta a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge. Cuireann na múinteoirí ranganna le chéile ar an áit ar féidir leo súil a choinneáil ar a ndul chun cinn. Is féidir leis an daltaí dul chun cinn na ndaltaí eile sa rang a fheiceáil ar an aip chomh maith. Is féidir leis an mhúinteoir cleachtaí éagsúla a thabhairt dóibh bunaithe ar scileanna teanga faoi leith.

Students from all Irish classes in the school use Duolingo to practice their Irish regularly. Teachers set up classes where they can monitor their progress, students can see each others progress in that class and the teacher can set up assignments to complete based on certain language skills.

School Digital Champion 2016 – Go Gaeilge

Is aip agus suíomh gréasáin é ‘Go Gaeilge’ a chruthaigh Aoife Mc Ardle, Molly Mc Nee, Shauna Mc Mahon agus Clare Mc Elarney. D’fhreastail siad ar lá traenála i nGaillimh agus ag ceanncheathrú Google i mBaile Átha Cliath. Soláthraíonn ‘Go Gaeilge’ deis do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim trí chluichí a imirt agus amhráin a chanadh. Tháinig ráth agus bláth mór air i rith na bliana agus bhuaigh siad an comórtas don Fhíseán Ar Líne is Fearr. Mar sin, bhuaigh siad lá traenála eile le RTÉ a tharla ar 12 Eanáir 2017.

‘GoGaeilge’ is an app developed for iOS by Aoife Mc Ardle, Molly Mc Nee, Shauna Mc Mahon and Clare Mc Elarney. They attended a training day in Galway and at Google Headquarters in Dublin. ‘Go Gaeilge’ provides an opportunity to learn Irish through the medium of games and songs. The app was a huge success and they won the competition for the Best Online Video. The prize was another training day for their class with RTÉ which took place on 12 January 2017 in the school.

Seó Bóthair

Thug lucht an Chonartha cuairt ar an scoil arís i mbliana leis an Seó Bóthair a chur ar fáil. Chuaigh ranganna ón tríú bliain ann i rith an lae. D’fhreastail baill na Gaelbhrataí ar cheardlann traenála i mBaile Átha Cliath. Chomh maith céanna bhí ceardlann ag an Chonradh anseo sa scoil chun comhairle a chur ar na cailíní agus tacaíocht a thabhairt dóibh ar úsáid na Gaeilge sa scoil. Tugann Conradh na Gaeilge cuairt ar an scoil go minic.

Representatives of Conradh na Gaeilge visited the school again this year with their Road Show. Third Year Irish students attended throughout the day. Members of the Gaelbhratach attended a training day in Dublin also. Conradh na Gaeilge returned to the school to give more advice and support on the use of Irish in the school. They visit the school regulary.

Ceolchoirm Sheachtain na Gaeilge 2016

Bhí ceolchoirm ann um thráthnóna agus san oíche chun tacú le Seachtain na Gaeilge 2016 sa Spirit Store i nDún Dealgan. Bhí idir mhúinteoirí, thuismitheoirí, amhránaithe, cheoltóirí agus daltaí ann a d’fhág an áit lán go doras. Sheinn amhránaí áitiúil Stewart Agnew, an grúpa ceoil iomráiteach Ulaid agus giotáraí áitiúil Conchur Mac Giolla Bhríde. Chuaigh scoileanna eile ó Dhún Dealgan ann chun éisteacht leis an cheol. Bhí muid uilig an-bhródúil as na daltaí a bhí páirteach ann agus a d’fhreastail uirthi. Molaimid go mór sibh!

There was a concert as part of Seachtain na Gaeilge 2016 in the Spirit Store in Dundalk. The place full to the rafters with teachers, parents, singers, musicians and students. Local artist Stewart Agnew, renowned music group Ulaid and local guitarist Conor Mc Bride performed. Other schools from the local area attended to exeperience the music. We were all very proud of all our students that took part and attended. Well done.

Litreacha Gaeilge – Cairde Pinn

Sheol lucht na dara bliain litreacha idir an rang agus rang eile i scoil faoi éiteas na trócaire, Our Lady’s College, Na Glaschnoic, Droichead Átha. Ba mhór an taitneamh a baineadh as a bheith ag scríobh go paiseanta agus go cruthaitheach as Gaeilge.

Second year students practiced their composition skills when they sent letters to their pen pals in another Mercy School in Drogheda, Our Lady’s College, Greenhills, last year. It was great enjoyment for all to write creatively and passionately as Gaeilge.

Maidin chaife

Bhí maidin chaife ar siúl sa scoil Dé Luain 8 Feabhra 2016 chun airgead a bhailliú don turas go hOileán Scítheanach in Alban áit a raibh na daltaí ag foghlaim giota beag Gaelic na hAlban.

There was a coffee morning in the school on Monday 8 February 2016 to raise money for the school trip to the Isle of Sky in Scotland where the students learned some Scotch-Gaelic.

Caith amach é - Sraithphictiúir

Sraithphictiúir na hArdteiste á gcur i láthair ar bhealach spreagúil idirgníomhach. Ghlac 60 dalta páirt ann i mbliana. Chuir sé go mór le cumas na ndaltaí sna sraithphictiúir. Ní raibh a fhios ag éinne go raibh greann ar bith ag baint leo go dtí sin go dtí gur tháinig siad chuig an scoil ar an 8ú lá de mhí na Samhna.

The Leaving Certificate picture sequences were presented in an encouraging and interesting way. 60 students attended this year. It added greatly to their ability in the picture sequences. No one knew that the picture sequences could be fun until they came to the school on the 8th of November.

Ballaí na scoile

Crochtar in airde ar bhallaí uile na scoile méimeanna greannmhara agus liricí amhrán cáiliúla chun Gaeilge nádúrtha taitneamhach a spreagadh i measc na ndaltaí.

Funny memes and lyrics of famous Irish songs are hanging up on walls throughout the school to encourage the use of Irish in a natural and enjoyable way.

Gaisce i gColáiste Acla i gContae Mhaigh Eo

Mar chuid de thuras Gaisce chuaigh an chuid is mó den idirbhliain ar thuras go Coláiste Acla ar Oileán Acla. Rinne na daltaí go leor eachtraí ann trí mheán na Gaeilge ar nós curachóireacht, dreapadóireacht, snorcláil phortaigh agus tumadóireacht d’aill. Bhain siad an-sult ar fad as an turas.

As part of the Gaisce trip most of Transition Year went on a trip to Coláiste Acla on Achill Island. The students took part in a lot of events through the medium of Irish for example canoeing, climbing, bog snorkelling and cliff diving. They all really enjoyed the trip.

Leabharlann na Scoile

Bhíodh rogha leathan leabhar i gcónaí i leabharlann Naomh Uinseann, ach d’fhéadfá a rá gur leabhar as dáta nó leabhar nach rabhthas róthógtha leo cuid acu ann. Le blianta beaga anuas, díoladh cuid mhór acu siúd chun go mbeimis in ann rogha na linne seo a cheannach chun aois léitheoireachta ár ndaltaí sa Ghaeilge a ardú. Ón bhliain 2003 i leith, caitheadh níos mó ná €2,000 ar an chuid Gaeilge den leabharlann agus tá cuid mhór dár ndaltaí ag léamh leabhar a scríobhadh inár dteanga dúchais. Ó na leabhair a scríobh údair clúiteacha ar nós Alan Titley, Áine Ní Ghlinn agus Gabriel Rosenstock; chuig na haistriúcháin a rinneadh ar leabhair Roald Dahl, Enid Blyton, Jeff Kinney, Francesca Simon agus David Walliams. Táthar ag súil leis i Roinn na Gaeilge go mbeidh an léamh i nGaeilge go nádúrtha ag ár ndaltaí agus go mbainfidh siad idir sult agus tairbhe as an rogha a bhíonn ag síoraí feabhsú atá ann dóibh.

The St.Vincent’s library has always housed a fine selection of Irish books, but many of them could be considered as unloved or outdated. In recent years, we have sold many of these books in order to buy a more modern selection, with the aim of increasing the reading ages of our students in the language. Since 2013, we have spent over €2000 on the Irish section of our library and many of our students are now actively reading books in our native tongue, ranging from those written by well known Irish language authors such as Alan Titley, Áine Ní Ghlinn and Gabriel Rosenstock, to translations of books by Roald Dahl, Enid Blyton, Jeff Kinney, Francesca Simon and David Walliams. We hope in Roinn na Gaeilge that reading as Gaeilge will become second nature to our students, and that they will take pleasure in the ever-expanding selection available to them.

Turas go hOileán Scítheannach 2017

Ar ais arís le 74 dalta againn ar cuairt chuig an Oileán Scítheannach ón 9ú Márta go dtí an 14ú Márta. Bhí plean turais mór againn do chúig óiche/sé lá. B’iad bunús an turais ná scileanna comhrá a chleachtú i nGaeilge, cuid de Ghaeilge na hAlban a fhoghlaim, cultúr an cheoil agus an damhsa a cheiliúradh; áilleacht na mbailte agus na sráidbhailte in Alban a fheiceáil; foghlaim faoi mheáin chumarsáide Ghaeilge na hAlban agus chun caidreamh a chruthú le daoine óga ar Oileán Scítheannach. D’fhan ár gcailíní thar oíche san Óstán Hilton i nGlaschú, ceithre oíche ina dhiaidh sin in Sabhal Mór Ostaig agus sna lóistí sa Leithinis Sleat.

The 9th-14th March 2017 saw our 74-strong group Skyebound once again. We had a packed itinerary for 5nights/6 days, with the aims of the trip to practice oral Irish, to learn some Scots Gaelic, to celebrate the music, dance & culture of both countries, to experience the beauty of Scottish towns and villages, to learn about Scots Gaelic media and to make links with young people in Skye. Our girls stayed for one night in the Hilton Hotel in Glasgow followed by four nights in Sabhal Mór Ostaig and in the wooden lodges of the beautiful Sleat Peninsula.

Ba thuras an-rathúil é inar thug ár gcailíní cuairt ar Ayr, Paisley, Ollscoil Glasgow, Loch Lomond agus The Trossachs, Glencoe, Fort William, tarbhealach mórchlúiteach Harry Potter ag Glenfinnan, an Droicheadh Skye, Portee, Leithinis Peninsula, Caisleán Duntulm, The Old man of Storr, Caisleán Eilean Donan, Lárionad Meán Cumarsáide Skyespace, Caisleán Armadale, Gairdíní agus taillte Clan Donald, Iarsmalann na nOileán, Balloch agus mar is eol daoibh thug muid cuairt ar ár gcairde móra arís i Scoil an Cheoil in Plockton. Anuas ar na ranganna Gaidhlig agus ar na turais thart fán cheantar, faoi dheireadh thiar thall bhí ár ndaltaí dochloíte in ann beagánín siopadóireachta (ar ndóigh) a dhéanamh, scannán a fheiceáil sa phictiúrlann is mó i nGlaschú, cluiche camánachta, siúlóid, ceardlann fíodóireachta ciseán agus céilí lena gcomhpháirtithe Alban.

The trip was a very successful one with our ladies visiting Ayr, Paisley, Glasgow University, Loch Lomond and The Trossachs, Glencoe, Fort William, the world famous Harry Potter Viaduct at Glenfinnan, The Skye Bridge, Portree, the Trotternish Peninsula, Duntulm Castle, The Old man of Storr, Eilean Donan Castle, the Skyespace Media Centre, Armadale Castle, The Clan Donald Estate & Gardens, The Museum of the Isles, Balloch, and of course we made sure to visit our good friends again in the School of Music Excellence in Plockton. In addition to sightseeing and attending Gaidhlig classes, our indefatigable students managed to squeeze in some time for some shopping (naturally), a movie at Glasgow’s biggest cinema, a shinty match, a hike, a basketweaving workshop, and a ceilí with their Scottish peers.

Tá muid ag súil go mór leis an chéad chuid eile dár dturas Skye in 2019.

We look forward to the next leg of our Skye tour in 2019.

An Triail

Chuaigh daltaí ardleibhéil ón chúigiú bliain chuig amharclann i mBaile Mhúine, Baile Átha Cliath chun an dráma clúiteach An Triail le Mairéad Ní Ghráda a fheiceáil ar stáitse. Chuaigh na múinteoirí Gaeilge in éineacht linn. Chuaigh muid ann ar an mbus. Bhí na haisteoirí go hiontach sa léiriú. Cheap gach éinne go raibh sé go hiontach chomh maith. Tar éis an dráma chuaigh muid ag siopadóireacht san ionad Pavillions. Thaitin an chuid sin le gach duine. Fuair gach éinne bia agus ansin chuir siad deireadh leis an lá leis an tsiopadóireacht sna siopaí éagsúla.

Higher-level Fifth Year students went to the theatre in Ballymun, Dublin to see the famous drama An Triail by Mairéad Ní Ghráda on stage. Irish teachers went with us. We went there on the bus. The actors were excellent in the performance. Everyone else thought it was excellent also. After the performance we went shopping in the Pavillions. That part appealed to all. Everyone got food and finished the day off with some shopping in the different shops.

Comórtas Abair

Nuair a shiúlann muid siar agus nuair a fhéachann muid ar stair shaibhir na hÉireann, is léir go bhfuil traidisiún bróid againn as na scéalta agus as an gcaint phoiblí sa tír seo. I scoil Naomh Uinseann ghlac muid leis an traidisiún seo go croíúil. Ar an tríú lá de Mhí Feabhra, i Scoil na Mainistreach san Iúr, ghlac naonúr daltaí as beagnach gach aon bhliainghrúpa páirt in ‘Abair’, comórtas chaint phoiblí Gael Linn. Comórtas caint phoiblí is ea Abair atá teoranta do scoileanna 2ú leibhéal i gCúige Uladh agus a bhíonn á reáchtáil ag Gael Linn. Is í aidhm an chomórtais seo ná taithí i labhairt na Gaeilge a thabhairt do scoláirí.

When we look back on the history of Ireland it is clear that there is a proud tradition of old stories and public speaking. In St Vincent’s Secondary School we whole heartedly continued this tradition. On 3 February 2016 in The Abbey Christian Brothers Grammar School in Newry, nine of our students from each year group took part in ‘Abair’ Gael Linn’s public speaking competition. ‘Abair’ is a public speaking competition for Second Level students in Ulster organised by Gael Linn. The aim of this competition is to give students an experience of public speaking in Irish.

Sheas gach cailín ag an seastán cainte agus labhair siad go paiseanta agus go háthasach. Labhair siad faoin ábhar ar mhian leo labhairt faoi ach bhí ar an ábhar a bheith tráthúil agus suimiúil. Bhí topaicí ar nós ‘An Córas Aistriúcháin de chuid an Chomhlachta Ríomhaireachta Google’, ‘Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge’, ‘Tábhacht na Cuimhne agus na Díchuimhne’, “Tábhacht a bhaineann le bheith áthasach sa saol”, ‘Tábhacht na Gaeilge sa lá atá inniu ann’, ‘An Ghaedhilg sna scoltacha ó dheas’ agus ‘Craobhscaoileadh Ghaedhilg Uladh ó thuaidh’ mar ábhair chainte ann. Bhí na moltóirí ag éisteacht go géar agus bhí an lucht éisteachta tógtha go maith leis na cailíní. Bhain gach duine an-sult as an lá agus ba chóir dúinn a bheith bródúil asainn féin.

Each girl stood passionately and happily at the stand. They spoke about their own chosen topics as long as it was current and interesting. Topics included ‘Google Translate’s System of Translation’, ‘The 20 Year Strategy for Irish’, ‘The importance of memory and memory loss’, ‘The importance of being happy in life’, ‘The Importance of Irish in the Modern era’, ‘Irish in Schools in the South’ and ‘The Propogation of Ulster Irish in the North’. The adjudicators and audience listened attentively to the girls. Everyone enjoyed the day and we should be proud of ourselves.

Tráth na gCeist

Bhí an scoil páirteach i dtráth na gceist a bhí ar siúl sa Lios Dubh i nDún Dealgan ar 20 Meán Fómhair 2016. Chuir lucht Ghael Linn an lá ar fáil do scoileanna i nDún Dealgan.

The school was part of a table quiz in the Lisdoo in Dundalk on 20 September 2016. Gael Linn organised the day for schools in Dundalk.

Contact
St Vincent's Secondary School
Seatown Place
Dundalk
Co. Louth
Ireland


042 933 6736/933 2790


Location
© 2024 St Vincent's Secondary School